Céad míle fáilte!

Dia daoibh a chairde uaisle agus fearadh na fáilte romhaibh go suíomh idirlín úr-nua Fhéile an Phobail. Tá lúcháir orainn Féilte a eagrú do bhunadh Iarthar Bhéal Feirste agus don slua mhór idirnáisiúnta atá ag iarraidh atmasféar sainiúil an cheantair a thabhairt leo: ár gcultúr, ár stair agus an áilleacht atá sa cheathrú spleodrach seo den chathair.

Tá áthas orainn ár gcuid féilte uilig a chur ar fáil daoibh: Féile an Phobail/The West Belfast Festival (an fhéile phobail is mó in Éirinn), Féile an Earraigh (féile cheoil traidisiúnta atá corraitheach, cáiliúil, snasta), Draíocht (an t-aon Fhéile Shamhna do pháistí ins an chathair), agus Féile úr coiméide, Laugh At The Bank. Bainigí sult as an suíomh agus ná bíodh leisc oraibh dul i dteagmháil linn!

August Féile 2010 tickets now available!

Féile:Twitter

Féile:Facebook Roinn